Nuair a thagann mé i do láthair, a Thiarna, Tá a fhios agam go bhfuil mé i láthair mo Chruthaitheora. Chruthaigh tú as grá mé. Tá a fhios agat fiú an líon ribí ar mo cheann. Is é do láithreacht, a Thiarna, an bronntanas is mó ar fad.
Saoirse
A Thiarna, deonaigh dom an grásta bheith saor ó ainmheasarthacht na beatha seo. Ná lig dom a bheith gafa leis an dúil sa rachmas. Coinnigh mo chroí agus mo intinn saor chun grá agus seirbhís a thabhairt duit.
Comhfhiosacht
A Athair ar Neamh, go bhfása mé sa bhua mar a thógaim am as mo lá chun éisteacht leat agus am a chaitheamh in éineacht leat. Go racha do mhaitheas isteach i mo shaol, agus ó mo shaol go saol na ndaoine go léir a gcasaim orthu.
Briathar Dé
Eoin 10:27-30 ABN
27Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.28Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.29M’Athair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir d’aon duine fuadach ó láimh m’Athar.30Is aon mise agus an tAthair.”
Inspioráid
Sa Sean-Tiomna agus sa Nua-Tiomna araon, is coitianta an íomhá agus an téama Dé mar an aoire. Tá an gaol idir sinn féin agus Íosa ár nAoire an-dlúth. Ní thréigfidh sé sinn choíche agus treoróidh sé sinn chuig an saol síoraí. Caithimis tamall anois ina chuideachta, agus iarraimis muinín iomlán ann.
Comhrá
A Thiarna, cuidigh liom a bheith ciúin agus suaimhneach go leor chun do ghuth beag suaimhneach a chloisteáil. Cuidigh liom muinín a bheith agam as an méid a chloisim. Tugann do Bhriathar compord, sólás agus spreagadh. Gach rud eile, scaoilim leis.
Conclúid
Glory be to the Father, and to the Son, and to the Holy Spirit, as it was in the beginning, is now and ever shall be, world without end. Amen.