Briathar Dé
Lúcás 11:1-4 ABN1 Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.” 2 Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí:
A Athair, go naofar d’ainm.
Go dtaga do ríocht.
3 ár n-arán laethúil tabhair dúinn gach lá;
4 agus maith dúinn ár bpeacaí,
óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn;
agus ná lig sinn i gcathú.” ,