Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair
Láthair Dé
A Dhia, tá tú níos gaire a chreidim, níos gaire ná m’anáil féin. Táim beannaithe ag do dhlúthchaidreamh liom agus ní gá go mbeadh eagla orm.
Saoirse
A Thiarna, iarraim an grásta fios a bheith agam
gur cúis lúcháire é do thoil a dhéanamh
óir is é do thoil mo mhian is doimhne
agus is é an rud is fearr dom do mhian dom i gcónaí.
Comhfhios
A Athair ar Neamh, go bhfása mé sa bhua mar a thógaim am as mo lá chun éisteacht leat agus am a chaitheamh in éineacht leat. Go racha do mhaitheas isteach i mo shaol, agus ó mo shaol go saol na ndaoine go léir a gcasaim orthu.
Briathar Dé
Lúcás 11:15-26 ABN15 Ach dúirt cuid acu, “Is trí Bhéalzebúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.” 16 Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh. 17 Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile. 18 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht?—os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. 19 Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh. 20 Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh. 21 Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta. 22 Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt. 23 An té nach bhfuil liom tá sé i m’aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.
24 “Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus nuair nach bhfaigheann, deir: ‘Fillfidh mé chun mo thí as a dtáinig mé amach.’ 25 Agus ar theacht dó, faigheann sé scuabtha, maisithe é. 26 Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spioraid eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.”
Inspioráid
Bíonn Sátan, an Mac Mallachtan , i gcónaí ag lorg áit chónaithe thaitneamhach. Moltar dúinn a bheith ar ár n-airdeall agus a cur chuige seiftiúil a aithint. Léimid sa phortús, 'Ná tabhair a dheis don diabhal.' Molann Iognáid dúinn an doras a dhúnadh ag an gcéad chomhartha dá chathú. Guímis ar son tuiscint.
Cuimhnigh nach bhfuil aon chumhacht ag Sátan i gcoinne na ndaoine atá ag iarraidh fíorshaol paidreoireachta a chaitheamh. Dúirt Íosa nach féidir le duine ar bith iad siúd a thug an tAthair dó fuadach as lámh an Athar (Eoin 10:29).
Comhrá
Cad iad na grásta is mian le Dia a thabhairt dom in aimsir seo na paidreoireachta? Má éistim go domhain istigh, i gciúnas mo chroí, cad atá á rá ag an Tiarna liom ansin?
Conclúid
Gabhaim buíochas le Dia as na cúpla nóiméad seo a chaitheamar le chéile agus as aon léargas a fuair mé maidir leis an téacs.
Áiméan
Copyright © 1999-2025 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.