Briathar Dé
Lúcás 17:11-19 ABN11 Ansin, sa tslí dó go Iarúsailéim, ghabh sé feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl; 12 agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh, 13 agus labhair siad go hard á rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” 14 Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad. 15 Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard, 16 agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean. 17 Labhair Íosa agus dúirt: “Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad? 18 An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?” 19 Agus dúirt sé leis: “Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh tú.”