Domhnach 23 Samhain •Our Lord Jesus Christ, King of the Universe
Láthair Dé
Dá mhéad a ghlaoimid ar Dhia, is mó a mhothaímid láithreacht Dé. Ó lá go lá tarraingítear muid níos gaire do chroí grámhar Dé.
Saoirse
Treoraigh mé i gcónaí do thoil naofa a dhéanamh
agus fhios agam go n-iompródh Do neart
tríd mé.
Comhfhios
Tá an saol gnóthach, a Thiarna.
Is minic a fhágtar mo rúin is fearr gan déanamh,
ach tá a fhios agam go bhfuil tú liom i ngach rud a deirim agus a dhéanaim,
agus i ngach duine lena mbuailim go laethúil.
Briathar Dé
Lúcás 23:35-43 ABN35 Dʼfhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa. 36 Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige 37 deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!” 38 Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”
39 Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá: “Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.” 40 Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna? 41 Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.” 42 Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!” 43 Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.”
Inspioráid
B’fhéidir go mbeadh sé beagáinín cruálach a rá faoin gcoirpeach maith go raibh sé san áit cheart ag an am ceart, ach fuair a admháil ar neamhchiontacht Íosa agus a phaidir ó chroí le hÍosa ar son trócaire freagra láithreach. Sna cúinsí neamhghnácha seo, tugann sé sin grá agus trócaire gan teorainn ár nDia chun solais arís. Iarraimis ar Íosa cuimhneamh orainn freisin.
Bhí na daoine ina dtost, ach rinne na saighdiúirí agus duine de na coirpigh magadh faoi. Mar a léimid i Leabhar na hEagna, "Cuirimis promhadh air le cruatan agus le céasadh go bhfeicfimid an cheansacht atá ann agus go mbainfimid triail as a fhoighne.
…ach bhí dul amú orthu; chuir a n‑urchóid féin púicín ar a n‑intinn." Guímis go mbeidh misneach againn glacadh le cibé maslaí agus magadh a thagann as ár gcreidimh a mhaireachtáil.
Comhrá
Tháinig Dia chun beatha a thabhairt, i bhFeoil agus i mBriathar araon. Cén focal saoil a fuair mé inniu? Nó mura ndeachaigh rud ar bith i bhfeidhm orm, an féidir liom láithreacht beathaithe Íosa a mhothú liom faoi láthair?
Conclúid
Gabhaim buíochas le Dia as bronntanas a ghrá
agus mé ag imeacht le lúcháir agus dóchas
chun freastal ar a mhuintir.
Áiméan
Copyright © 1999-2025 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.