Déardaoin 27 Samhain •St Fergal
Láthair Dé
A Thiarna dhíl, ghlaoigh tú as m’ainm orm.
Mhúnlaigh tú i ndearna do láimhe mé.
Go bhfása muinín ionam agus nár ghéillé mé riamh don éadóchas .
Saoirse
Iarraim an grásta
scaoileadh le mo chúraimí féin
agus bheith oscailte don méid atá Dia ag iarraidh orm,
agus ligean don gCruthaitheoir grámhár mé a threorú agus a mhúnlú.
Comhfhios
Fiafraím conas atáim ionam féin inniu.
An bhfuil mé thar a bheith tuirseach, faoi strus, nó as foirm?
Má bhaineann aon cheann de na tréithe seo liom,
an féidir liom triail a bhaint as scaoileadh leis na hábhair imní a chuireann isteach orm?
Briathar Dé
Lúcás 21:20-28 ABN20 “Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht, 21 Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti; 22 óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh. 23 Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo; 24 titfidh siad e béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
25 “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige; 26 daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. 27 Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire. 28 Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.” ,
Inspioráid
Ní mór go gcomhlíonfar na tairngreachtaí sna scrioptúir, agus i n-am tráth, tiocfaidh gach rud i gcrích. Laistigh de dhaichead bliain, tháinig an rud a thuar Íosa anseo i gcrích. Tabharfaidh Dia, arb é an an Neach is Airde é, agus é uilechumhachtach, i gcrích gach a bhfuil beartaithe aige. Glacaimis an chéad leath den Ár nAthair agus, ag baint úsáide as an dara modh urnaí de chuid Naomh Iognáid, guímis é frása ar fhrása.
Comhrá
Cad iad na mothúcháin atá ag ardú ionam agus mé ag guí agus ag machnamh ar Bhriathar Dé?
Samhlaím Íosa é féin ina shuí nó ina sheasamh in aice liom agus osclaím mo chroí dó.
Conclúid
Gabhaim buíochas le Dia as na cúpla nóiméad seo a chaitheamar le chéile agus as aon léargas a fuair mé maidir leis an téacs.
Áiméan
Copyright © 1999-2025 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.