Nuair a thagann mé i do láthair, a Thiarna, Tá a fhios agam go bhfuil mé i láthair mo Chruthaitheora. Chruthaigh tú as grá mé. Tá a fhios agat fiú an líon ribí ar mo cheann. Is é do láithreacht, a Thiarna, an bronntanas is mó ar fad.
Saoirse
“Fág saor anseo mé go h-iomlán im’ aonar, i gcill nár las solas na gréine riamh. Mura labhrann éinne liom riamh, fágann an ciúnas órga seo mé saor.” Cuid de dhán a scríobh príosúnach ag campa géibhinn Dachau.
Comhfhios
A Thiarna, cuidigh liom a bheith i gcónaí eolach ar na rudaí tábhachtacha sa saol, aire a thabhairt dóibh siúd atá thart orm, chun do láithreacht a lorg i ngach duine lena mbuailim.
Briathar Dé
Lúcás 21:34-36 ABN
34 Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh,35 mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir. 36 Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
Inspioráid
Is é an baol mór a bhaineann le gaiste ná a dhú≥nadh tobann ar a íospartach. Arís agus arís eile, spreagann na soiscéil sinn chun 'Faire agus guí!' ionas nach ngabhfar gan choinne sinn. Mhúin aithreacha na hEaglaise luaithe an idéal maidir le maireachtáil i riocht leanúnach paidreoireachta. Guímid chun fás inár saol paidreoireachta ionas go mbeidh ár saol ar fad ina phaidir. Ní féidir é seo a dhéanamh ach le cabhair Dé. Guímis freisin ar Mhuire, Máthair Dé, cabhrú linn leis seo agus le hidirghuí a dhéanamh ar ár son.
Comhrá
Ag machnamh ar Shoiscéal an lae inniu, an bhfuil aon rud a chreidim gur mian le Dia go gcloisfinn nó go mbeadh a fhios agam faoin tráth seo? Cén fhírinne atá sé ag iarraidh a labhairt i mo shaol inniu?
Conclúid
Gabhaim buíochas le Dia as na cúpla nóiméad seo a chaitheamar le chéile agus as aon léargas a fuair mé maidir leis an téacs.