Dé hAoine 6 Feabhra
Láthair Dé
Tugaim mé féin i do láthair, a Dhia.
Go dtógfaidh mé am i gcónaí le tabhairt faoi deara agus le taitneamh a bhaint as
an áilleacht atá cruthaithe agat
do mo phléisiúr.
Saoirse
Déanaim iarracht éirí as aon imní agus buairt
a bhfuil ag tarraingt anuas orm faoi lathair.
Cuirim aon imní atá orm i lámha Dé
– ar feadh an cúpla nóiméad urnaí seo, ar a laghad.
Comhfhios
Táim timpeallaithe ag do láithreacht grámhar, a Thiarna,
ach is eol dom mo leochaileacht agus mo laige.
Go raibh maith agat gur féidir liom aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá agam
i do bharróg thrócaireach.
Briathar Dé
Mark 6:14-29 ABN14Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.” 15Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.” 16Ach nuair a chuala Héaród mar gheall air, dúirt: “Eoin úd, ar bhain mé an ceann de, is é atá éirithe.”
17 Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh. 18 Óir dúirt Eoin le Héaród: “Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.” 19 Bhí olc ag Héaróidias chuige agus b’áil léi é mharú ach ní fhéadfadh, 20 óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar. 21 Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne lae a bhreithe, do lucht a chúirte agus d’oifigigh agus do chinn phobail na Gailíle; 22 agus tháinig iníon Héaróidias isteach agus rinne sí rince, agus thaitin sé le Héaród agus leo seo a bhí ag bord leis. Dúirt an rí leis an gcailín: “Iarr orm cibé ní is mian leat agus tabharfaidh mé duit é.” 23 Agus thug sé a mhion di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.” 24 Ghabh sise amach agus dúirt sí lena máthair: “Cad a iarrfaidh mé?” Dúirt sí siúd: “Ceann Eoin Baiste.” 25 Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus d’iarr air ag rá: “Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.” 26 Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionn agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi, 27 agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus d’ordaigh a cheann a thabhairt isteach. D’imigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é, 28 agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é. 29 Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.
Inspioráid
Is minic a chonaiceamar an chaoi ar sheas Eoin Baiste a phointe nuair a bhí sé i gcásanna deacra. Thug sé na tuairimí is macánta a d’fhéadfadh sé don Rí Héaród faoina iompar. Ach is minic a bhíonn praghas le híoc as labhairt amach ar son a gcreideann tú a bheith fíor. An mbíonn muid uaireanta i gcásanna ina bhfuil a fhios againn cad ba cheart dúinn a dhéanamh nó a rá, ach nach ngníomhaímid dá réir?
Comhrá
Conas a bhog Briathar Dé mé?
Ar fhág sé fuar mé?
Ar chuir sé sólás orm nó ar spreag sé mé chun gníomhú ar bhealach nua?
Samhlaím Íosa ina sheasamh nó ina shuí in aice liom agus
Casaim agus roinnim mo mhothúcháin leis.
Conclúid
Gabhaim buíochas le Dia as bronntanas a ghrá
agus mé ag imeacht le lúcháir agus dóchas
chun freastal ar a mhuintir.
Áiméan
Copyright © 1999-2026 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.