Dé Sathairn 7 Feabhra
Láthair Dé
A Thiarna, tá tú i gcónaí ann
ag fanacht liom.
Ná raibh mé ró-ghnóthach riamh le
teacht ar am le caitheamh i do láthair.
Saoirse
A Thiarna, deonaigh dom an grásta bheith saor ó ainmheasarthacht na beatha seo. Ná lig dom a bheith gafa leis an dúil sa rachmas. Coinnigh mo chroí agus mo intinn saor chun grá agus seirbhís a thabhairt duit.
Comhfhios
Fiafraím conas atáim ionam féin inniu.
An bhfuil mé thar a bheith tuirseach, faoi strus, nó as foirm?
Má bhaineann aon cheann de na tréithe seo liom,
an féidir liom triail a bhaint as scaoileadh leis na hábhair imní a chuireann isteach orm?
Briathar Dé
Mark 6:30-34 ABN30Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus dʼinis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu. 31Dúirt sé leo: “Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall”–óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu. 32Dʼimigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. 33Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus dʼaithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu.
34Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.
Inspioráid
Bhí gá ag na haspail le dearbhú go raibh siad ag déanamh jab réasúnta agus iad i mbun a ngnó. Is minic a lorgaímid agus a chreidimid go bhfuil gá againn leis an mothúchán go nglacann daoine eile linn.
A Thiarna, bíonn amanna ann nuair is mian liom éalú ó na sluaite, nuair a bhraithim faoi chois ag an gcuideachta. Bíonn amanna eile ann nuair is mian liom go mbeadh a fhios ag duine éigin go bhfuilim ann; is féidir liom an iomarca uaignis a bheith orm. Má bhím in ann teacht ort i mo phaidireoireacht agus a fhios agam go bhfuil tú níos lárnaí dom ná mo chuid smaointe féin, mothaím suaimhneas, mar is cinnte gur mhothaigh na haspail.
Comhrá
Bíonn Focal Dé torthúil i gcónaí.
Conas atá sé ag dul i bhfeidhm orm anois
agus mé ag machnamh ar an nguí atá déanta agam?
An mothaím sólás?
An mothaím go bhfuil dúshlán orm?
Conclúid
Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh,
mar a bhí sé ar dtús,
atá anois agus a bheidh ann go deo,
domhan gan deireadh. Áiméan
Áiméan
Copyright © 1999-2026 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.