Domhnach 15 Márta •Fourth Sunday of Lent (Laetare Sunday)
Láthair Dé
Is í síocháin Dé stór na seoda, “péarla an mhórphraghais” – A Thiarna, go bhfaighe mé an tsíocháin seo láithreach, i do láthair naofa.
Saoirse
Déanaim iarracht éirí as aon imní agus buairt
a bhfuil ag tarraingt anuas orm faoi lathair.
Cuirim aon imní atá orm i lámha Dé
– ar feadh an cúpla nóiméad urnaí seo, ar a laghad.
Comhfhios
Meabhraím dom féin go bhfuilim i láthair an Tiarna.
Tógfaidh mé dídean ina chroí grámhar.
Is é mo neart in aimsir an laige.
Is é a thugann sólás dom in aimsir an bhróin.
Briathar Dé
Eoin 9:1,6-9,13-17,34-38 ABN1Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn. 6Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill, 7agus dúirt sé leis: “Imigh agus nigh i Linn Siolóam”—is é sin le rá, Seolta. D’imigh sé, nigh é féin agus d’fhill agus a radharc aige. 8Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.” 9 Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.”
13Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth. 14 Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d’oscail sé súile an duine. 15D’fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: “Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.” 16 Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu. 17Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó d’oscail sé do shúile?” D’fhreagair sé: “Fáidh is ea é.”
34D’fhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.
35Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?”, 36D’fhreagair seisean: “Cé hé féin, a thiarna?” —ar sé leis—“chun go gcreidfinn ann.” 37Dúirt Íosa leis: “Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é.” 38Dúirt seisean: “Creidim, a Thiarna,” agus rinne sé ómós dó.
Inspioráid
Faighimid pictiúir bheaga de Íosa agus an chaoi ar dhéileáil sé chomh cineálta sin leo siúd a chuaigh chuige. Is minic a bhíonn sé suimiúil a chineáltas a chur i gcomparáid leis an gcaoi ar ghníomhaigh na Fairisínigh i gcúinsí comhchosúla nuair a bhuail siad le daoine a raibh an mhí-ádh orthu. Caitheadh leo siúd a tháinig chuig Íosa le simplíocht agus gan aon chláir cheilte le cineáltas agus meas iontach. Chonaic an fear a rugadh dall ó bhreith go raibh slánú agus saoirse tugtha dó an lá sin, agus bhí an grásta aige é féin a chaitheamh síos os comhair an Tiarna agus é a adhradh.
Comhrá
A Thiarna, tá m’ainm greanta agat
ar bhois do láimhe.
Fiú má dhéanann daoine eile dearmad orm,
Ní dhéanfaidh tusa dearmad riamh.
Conclúid
Lán le láithreacht ghrámhar Dé,
Iarraim air beannacht a thabhairt dom agus mo chéimeanna a threorú
agus mé ag dul chun a chuid oibre a dhéanamh i mo shaol laethúil.
Áiméan
Copyright © 1999-2026 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.