Dé Máirt 24 Márta
Láthair Dé
Is deas i gcónaí a bheith i láthair cairde. Is tusa, a Thiarna, mo chara is gaire agus is fíre. Nár dhéana mé dearmad choíche ar an gcara atá agam ionat.
Saoirse
A Thiarna, chruthaigh tú mé le maireachtáil i saoirse. Go dtreoraí do Spiorad Naomh mé chun tú a leanúint go toilteanach. Spreag fonn i mo chroí aithne agus grá a chur ort níos mó gach lá.
Comhfhios
Agus mé ag caint leat, a Dhia,
cuidigh liom cur leis an tuiscint atá agam ar bhronntanais na cumarsáide.
Deonaigh go labhróidh mé amach ar son na ndaoine sin nach bhfuil guth acu
agus bíodh focal cineálta agam i gcónaí dóibh siúd atá i ngátar.
Briathar Dé
John 8:21-30 NRSVue21Again he said to them, “I am going away, and you will search for me, but you will die in your sin. Where I am going, you cannot come.” 22Then the Jews said, “Is he going to kill himself? Is that what he means by saying, ‘Where I am going, you cannot come’?” 23He said to them, “You are from below, I am from above; you are from this world, I am not from this world. 24I told you that you would die in your sins, for you will die in your sins unless you believe that I am he.”, 25They said to him, “Who are you?” Jesus said to them, “Why do I speak to you at all? 26I have much to say about you and much to condemn, but the one who sent me is true, and I declare to the world what I have heard from him.” 27They did not understand that he was speaking to them about the Father. 28So Jesus said, “When you have lifted up the Son of Man, then you will realize that I am he and that I do nothing on my own, but I speak these things as the Father instructed me. 29And the one who sent me is with me; he has not left me alone, for I always do what is pleasing to him.” 30As he was saying these things, many believed in him.
Inspioráid
Táimid tar éis dul trí gach saghas toghchán polaitiúil le déanaí, agus is minic nach dtugann an nuacht a thagann chugainn ó na meáin éagsúla ugach dúinn. Is féidir linn mothú croíbhriste nó tréigthe, ach dúirt Íosa féin linn go bhfuil 'an té a chuir uaidh mé liom'. Thug an t-eolas sin an croí dó chun aon cheann de na dúshláin a chuireann Sátan air a sheasamh. Tá Íosa féin linn, agus tugann an tuiscint seo deis dúinn fanacht dílis agus muid ag iarraidh muiníne ina láithreacht aiséirithe.
Comhrá
Socraím mé féin arís tar éis Briathar Dé a chloisteáil. Cad ba mhaith liom a thabhairt liom isteach i mo lá? Cad ba mhaith liom a thabhairt liom ó am léitheoireachta nó urnaí an lae inniu?
Conclúid
Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh,
mar a bhí sé ar dtús,
atá anois agus a bheidh ann go deo,
domhan gan deireadh. Áiméan
Áiméan
Copyright © 1999-2026 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.