Dé Céadaoin 25 Márta •The Annunciation of the Lord
Láthair Dé
“Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d’Athar atá ansiúd faoi choim.”. (Matha 6:6) A Dhia, is tú mo áit rúnda, i gcónaí i do chónaí ionam, agus mise ionat. Go gcuire mé am ar leataobh gach lá le dul isteach i seomra mo chroí, le bheith in éineacht leat.
Saoirse
Déanaim iarracht scaoileadh le haon chlaontacht no caol-intinn
a bhfuil ag cur scamaill ar mo fhís faoi láthair.
Geillim iad do chúram trócaireach Dé, ionas gur féidir liom guí i saoirse, fírinne agus soiléireacht.
Comhfhios
A Thiarna, oscail mé chun do Bhriathar a chloisteáil agus a ghlacadh inniu. Go n-iompra sé go leor torthaí i mo shaol, agus i saol daoine eile.
Briathar Dé
Lúcás 1:26-38 ABN26 Sa séú mí, cuireadh an t‑aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat, 27 chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus bʼé ab ainm don mhaighdean, 28 Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.” 29 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo.
Inspioráid
Caithimid ár gcuid ama inniu ag machnamh ar an ócáid a fuair Muire cuairt ón aingeal Gabriel agus a thuig sí go doiléir go raibh iarratas nó cuireadh á chuir roimpi. Ba é an chéad tasc a bhí ag an aingeal ná a mhíniú do Mhuire cén fáth ar cuireadh ar a mhisean é, óir bhí Dia ag tabhairt cuireadh do Mhuire bheith ina máthair ar talamh dá mhac. Tugann an soiscéal le fios nach raibh sé éasca 'sea'' a rá leis an gcuireadh. Tabhair faoi deara an chaoi a raibh Muire 'buartha go mór' agus nach raibh sí soiléir go díreach faoi na rudaí a bhí á n-iarraidh uirthi. Fuair sí í féin lán ceisteanna, ach ar ámharaí an tsaoil, ba é a bun-seasamh i gcónaí 'sea'' a rá. Iarraimid go dtabharfaí an seasamh céanna dúinne freisin.
Comhrá
A Íosa, bíonn tú i gcónaí ann ag fanacht orm.
Uaireanta bím in abar
le cúramaí an tsaoil seo.
Deonaigh go raibh mé socair níos minicí,
Chun taithí a fháil ar Do shíocháin, ar do shuaimhneas.
Conclúid
Lán le láithreacht ghrámhar Dé,
Iarraim air beannacht a thabhairt dom agus mo chéimeanna a threorú
agus mé ag dul chun a chuid oibre a dhéanamh i mo shaol laethúil.
Áiméan
Copyright © 1999-2026 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.