Dé hAoine 27 Márta
Láthair Dé
A Dhia, tá tú níos gaire a chreidim, níos gaire ná m’anáil féin. Táim beannaithe ag do dhlúthchaidreamh liom agus ní gá go mbeadh eagla orm.
Saoirse
A Thiarna, chruthaigh tú mé le bheith beo i saoirse.
Déanaim talamh slán den mbronntanas seo go hiondúil.
Spreag mé le maireachtáil sa tsaoirse a bhí beartaithe agat,
le croí saor ó bhuairt agus le muinín iomlán asat.
Comhfhios
Feasach ar do láthair, a Thiarna,
Breathnaím ar an am atá caite agam le déanaí.
Lig dom a bheith macánta liom féin faoi conas a bhí mé
agus cad atá déanta agam,
mar tá a fhios agam go bhfuil grá agat don fhírinne sa chroí
agus glacann tú liom díreach mar atáim.
Briathar Dé
John 10:31-42 NRSVue31The Jews took up stones again to stone him. 32Jesus replied, “I have shown you many good works from the Father. For which of these are you going to stone me?” 33The Jews answered, “It is not for a good work that we are going to stone you but for blasphemy, because you, though only a human, are making yourself God.” 34Jesus answered, “Is it not written in your law, ‘I said, you are gods’? 35If those to whom the word of God came were called ‘gods’—and the scripture cannot be annulled—36can you say that the one whom the Father has sanctified and sent into the world is blaspheming because I said, ‘I am God’s Son’? 37If I am not doing the works of my Father, then do not believe me. 38But if I do them, even though you do not believe me, believe the works, so that you may know and understand that the Father is in me and I am in the Father.” 39Then they tried to arrest him again, but he escaped from their hands.
40He went away again across the Jordan to the place where John had been baptizing earlier, and he remained there. 41Many came to him, and they were saying, “John performed no sign, but everything that John said about this man was true.” 42And many believed in him there.
Inspioráid
Bhíodh Naomh Iognáid, bunaitheoir na nÍosánach, ag comhairliú dá chéad chompánaigh an tuiscint is fearr a bhaint as aon trácht nó gníomh a thiocfadh ina dtreo. I bhfianaise shoiscéal an lae inniu agus chumas na nGiúdach a mhalairt a dhéanamh go díreach, d’fhéadfadh sé go gcuideofaí linn ár gcéim is fearr a thógáil dá nglacfaimis mana Iognáid go hiomlán.
Comhrá
Cén focal nó frása a tharraing m’aird ó shoiscéal an lae inniu? Fiafraím den Tiarna cad ba mhaith leis a rá liom tríd an bhfocal seo…
Conclúid
Gabhaim buíochas le Dia as bronntanas a ghrá
agus mé ag imeacht le lúcháir agus dóchas
chun freastal ar a mhuintir.
Áiméan
Copyright © 1999-2026 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.