Dé Máirt 14 Aibreán
Láthair Dé
Déanaim marana ar feadh nóiméad
ach machnamah ar an ngrá agus grásta
a bhronann Dia go fial orm,
do mo chruthú ár a dheilbh féin, ar a chosúlacht féin,
ag déanamh a theampaill asam.
Saoirse
A Thiarna, chruthaigh tú mé le bheith beo i saoirse.
Déanaim talamh slán den mbronntanas seo go hiondúil.
Spreag mé le maireachtáil sa tsaoirse a bhí beartaithe agat,
le croí saor ó bhuairt agus le muinín iomlán asat.
Comhfhios
Cá mothaím dóchas, spreagadh agus réimsí fáis i mo shaol? Trí bhreathnú siar le cúpla mí anuas, b’fhéidir go bhfeicfidh mé cé na gníomhaíochtaí agus na hócáidí a chruthaigh torthaí saibhre. Má thugaim réimsí dá leithéid faoi deara, cinnfidh mé am agus spás a thabhairt do na réímsí sin amach anseo.
Briathar Dé
John 3:7-15 NRSVue7Do not be astonished that I said to you, ‘You must be born from above.’ 8The wind blows where it chooses, and you hear the sound of it, but you do not know where it comes from or where it goes. So it is with everyone who is born of the Spirit.” 9Nicodemus said to him, “How can these things be?” 10Jesus answered him, “Are you the teacher of Israel, and yet you do not understand these things?
11“Very truly, I tell you, we speak of what we know and testify to what we have seen, yet you do not receive our testimony. 12If I have told you about earthly things and you do not believe, how can you believe if I tell you about heavenly things? 13No one has ascended into heaven except the one who descended from heaven, the Son of Man., 14And just as Moses lifted up the serpent in the wilderness, so must the Son of Man be lifted up, 15that whoever believes in him may have eternal life.,
Inspioráid
Le linn laethanta seo mhí Aibreáin, is cúis an-spreagtha an solas a fheiceáil ag méadú de réir mar a théann na laethanta níos faide agus níos gile. Sna léachtaí ón soiscéal, feicimid Íosa ag obair lena dheisceabail ionas go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar cé hé féin.
Bealach amháin le bheith ag obair agus ag guí leis na scripteanna seo ná líne amháin a thógáil má bhraitheann tú go bhfuil sí ag teacht chun solais duit. Inniu, deir Íosa le Nicodemus, 'Ní mór duit a bheith rugtha ó thuas', rud a thugann le fios go bhfuil idirdhealú soiléir idir an saol talmhaí agus neamhaí. Cá bhfeiceann tú an t-idirdhealú sin i do shaol féin?
Comhrá
Ní choinníonn cairde rúin óna chéile.
Agus mé ag guí, an féidir liom féachaint ar Íosa mar chara liom
agus roinn mo smaointe is doimhne leis,
go muiníneach go dtuigeann Sé?
Conclúid
Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh,
mar a bhí sé ar dtús,
atá anois agus a bheidh ann go deo,
domhan gan deireadh. Áiméan
Áiméan
Copyright © 1999-2026 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.