Dé hAoine 17 Aibreán
Láthair Dé
Meabhraím dom féin, agus mé i mo shuí anseo anois,
go bhfuil Dia ag amharc orm le grá agus ag caomhnú mo bheith
Déanaim stad ar feadh nóiméad agus machnaím ar seo.
Saoirse
A Athair Neamhaí, léirigh dom cibé ualach atá á iompar agam inniu agus tabhair grásta dom é a chur ag bun do Chroise agus dul isteach saor san tráth paidreoireachta seo.
Comhfhios
A Thiarna, cuidigh liom a bheith i gcónaí
eolach ar na rudaí tábhachtacha sa saol,
aire a thabhairt dóibh siúd atá thart orm,
chun do láithreacht a lorg i ngach duine lena mbuailim.
Briathar Dé
Eoin 6:1-15 ABN1Ina dhiaidh sin d’imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias. 2Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.3Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail. 4Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht. 5Nuair a d’ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?” 6Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh. 7D’fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d’arán chun go mbeadh greim an duine acu.” 8Dúirt duine dá dheisceabail leis – ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar: 9“Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?” 10Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí” – bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. 11Agus thóg Íosa na builíní, d’altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b’áil leo de na héisc. 12Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.” 13Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d’fhág na daoine a fuair an béile. 14Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.”
15Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.
Inspioráid
N≥íl an chuma ar radharc an lae inniu, ón dearcahd daonna, go bhfuil tairbhe ann.Tá go leor tagtha chun éisteacht le hÍosa. Cuir tú féin ina measc i do shamhlaíocht. Tá deireadh leis an gcomhrá, agus tá aird an tslua dírithe ar cad agus cá háit a bhféadfaidís ithe. Chonaic tú seo, a Thiarna, agus chuir tú an fhadhb faoi bhráid na deisceabail. Tá siad i ponc maidir le cad atá le déanamh.
An mbeadh mé féin tar éis déanamh níos fearr?
Comhrá
A Íosa, bíonn tú i gcónaí ann ag fanacht orm.
Uaireanta bím in abar
le cúramaí an tsaoil seo.
Deonaigh go raibh mé socair níos minicí,
Chun taithí a fháil ar Do shíocháin, ar do shuaimhneas.
Conclúid
Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh,
mar a bhí sé ar dtús,
atá anois agus a bheidh ann go deo,
domhan gan deireadh. Áiméan
Áiméan
Copyright © 1999-2026 Sacred Space. All rights reserved.
Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space.