Intinn an Phápa Bealtaine 2025

Guímis go bhfaighidh gach duine sásamh trí obair, go raibh teaghlaigh
á gcothabháil le dínit, agus go ndéanfaí an tsochaí a dhaonnú.

Paidir ar Dhúiseacht
A Dhia agus a Mhuire, do mháthair, a thug sinn go sábháilte ón gcodladh go dtí lá eile, treoraigh sinn go sábháilte trí gach trioblóid an lá e seo agus cosain sinn, corp agus anam, ó gach olc.
Amen.

Paidir na Maidine
Éirím le Dia; go n-éireodh sé liom, agus go raibh a lámh timpeall orm, i mo dhúiseacht, i mo chodladh agus ag obair.
Go dtuga mé grá agus grásta Dé do gach duine a mbuailim leo inniu agus go bhfaighe mé an grásta seo uathu.
Amen.

Urnaí Tráthnóna
A Athair, agus mé ag luí síos le codladh anocht, nigh tharam le teas do ghrá.
Le do thrócaire, suaimhnigh mo phian, bíodh sé i mo chorp, i m’intinn nó i m’anam. Deonaigh dom oíche shuaimhneach codlata ionas go mbeidh mé neartaithe chun do thoil a dhéanamh nuair a dhúisím.
Amen.

Ón bPápa Naomh Eoin XXIII
• Ná bí ag caint faoi do chuid eagla ach faoi do dhóchais agus do bhrionglóidí. Ná smaoinigh ar do chuid frustrachais, ach faoi do chumas neamhchomhlíonta. Ná bí buartha faoi na rudaí ar thriail tú agus nár éirigh leat, ach faoi na rudaí is féidir leat a dhéanamh fós. Féach ar gach rud, déan neamhaird de go leor, ceartaigh beagán.
• Is féidir le duine ar bith a bheith ina phápa; is é an cruthúnas ná gur pápa mé féin.
• Ba mhaith liom fuinneoga na hEaglaise a oscailt ionas gur féidir linn féachaint amach agus gur féidir leis na daoine féachaint isteach.
• Tagann an ceartas roimh an gcarthanacht.