Eoin 6:1-15 ABN
1Ina dhiaidh sin d’imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias. 2Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.3Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail. 4Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht. 5Nuair a d’ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: “Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?” 6Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh. 7D’fhreagair Pilib é: “Níor leor luach dhá chéad déanar d’arán chun go mbeadh greim an duine acu.” 8Dúirt duine dá dheisceabail leis – ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar: 9“Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?” 10Dúirt Íosa: “Cuirigí na daoine ina suí” – bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. 11Agus thóg Íosa na builíní, d’altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b’áil leo de na héisc. 12Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: “Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.” 13Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d’fhág na daoine a fuair an béile. 14Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.”
15Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”