Eoin 6:52-59 ABN

52D’ith bhur n‑aithreacha manna san fhásach agus fuair siad bás.eat?” 53 Dúirt Íosa leo: “Amen, Amen, a deirim libh, mura n‑íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine, agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh. 54An té a itheann m’fheoil agus a olann m’fhuil, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach. 55Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola. 56An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann. 57Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom. 58Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh. Ní ionann is an manna ar ith bhur n‑aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t‑arán seo, mairfidh sé go deo.” 59Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg.