Maitiú 8:18-22 ABN
18 Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, d’ordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall. 19 Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: “A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” 20 Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.” 21 Dúirt fear eile leis, duine de na deisceabail: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m’athair a adhlacadh.” 22 Dúirt Íosa leis: “Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”