Matha 14:1-12 ABN
1 San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa, 2 agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n-oibriú tríd.” 3 Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir. 4 Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í bheith agat.” 5 Ba mhaith le Héaródé chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air. 6 Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród 7 gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d’iarrfadh sí a thabhairt di. 8 Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.” 9 Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d’ordaigh sé an aisce a thabhairt di, 10 agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún. 11 Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é. 12 Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d’Íosa.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Matha 14:1-12 ABN
Inspioráid - 2025-08-02 Paidir Laethúil
Bhí meas ag Héaród ar Eoin Baiste, agus bhíodh sé ag éisteacht leis. Is dócha go mbeadh aiféala air gur mharaigh sé é. Trí a rá go raibh sé aiséirithe ó mhairbh anois, b’fhéidir go raibh sé ag iarraidh a choinsias a mhaolú. Ach ní féidir le haon mhéid smaointeoireachta ár ngníomhartha a chealú. Guímis ar son macántachta agus ionracais inár saol.