Intinn an Phápa Lúnasa 2025

Guímis nach ngéillfidh sochaithe, ina bhfuil maireachtáil le chéile níos deacra, do chathú an aighnis ar chúiseanna eitneacha, polaitiúla, reiligiúnacha nó idé-eolaíocha.

Paidir na Maidine

A Athair, molaim thú as an spéir agus as an ngrian, mar go gcuireann siad araon dúshlán lae nua i gcuimhne dúinn agus deis chun tú a leanúint. Go raibh maith agat as a mheabhrú dúinn nach mbíonn an saol éasca i gcónaí, ach nach gá dúinn na deacrachtaí a iompar isteach i ngach lá nua. Maith dúinn as machnamh a dhéanamh ar an am atá thart agus as clocha a bheith sa mhuinchille againn. Beannaigh ár gcroíthe le nach ndéanfaimid aon rud a choinneáil siar agus muid do’d lorg gach lá. In ainm Íosa, Áiméan

Urnaí Tráthnóna

A Thiarna, tabhair dom suaimhneas anocht, le do thoil. Ciúnaigh m’intinn, suaimhnigh mo spiorad, agus líon mo chroí le do ghrá. Go raibh mé fíorbhuíoch as an ngrá i mo shaol, agus as gach duine a chabhraíonn liom. Cosain mé agus mé i mo chodladh agus dúisigh mé athnuaite i do ghrásta chun tú a leanúint i ngrá lá eile. In ainm Íosa, guím. Áiméan