Intinn an Phápa Meán Fómhair 2025

Guímis go bhfaighidh gach duine againn sólás i gcaidreamh pearsanta le hÍosa, agus go bhfoghlaimeoidh muid óna Chroí comhbhá a bheith againn leis an domhan.

Paidir na Maidine
Gabhaim buíochas leat, a Thiarna, as do bheannachtaí san am atá thart.
Inniu, toirbhrím duit – cibé rud a dhéanaim, a deirim, nó a smaoiním – faoi do chúram grámhar.
Lean ort do mo bheannú, a Thiarna, agus beannaigh gach duine a mbuailim leis inniu; go háirithe iad siúd a
atá tinn agus iad siúd is mó a bhfuil paidir de dhíth orthu.
Iarraim seo le paidir Mhuire agus trí Chríost ár dTiarna. Áiméan

Urnaí Tráthnóna
Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna,
de réir dʼfhocail, faoi shíocháin.
Tá do ghealltanas comhlíonta agat.
Tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile:
solas chun na náisiúin a shoilsiú
Sábháil sinn, a Thiarna, agus muid inár ndúiseacht; cosain sinn agus muid inár gcodladh; ionas go bhfairimid le Críost agus go mbeidh suaimhneas againn ann.