Ag maireachtáil i gcomhluadar le daoine eile
Tabhair súile dúinn chun na riachtanais is doimhne i saol daoine a fheiceáil.
Tabhair dúinn croíthe lán de ghrá dár gcomharsana chomh maith leis na strainséirí a mbuailimid leo.
Cabhraigh linn tuiscint a fháil ar cad is brí le daoine eile a ghrá mar a ghráimid muid féin.
Múin dúinn cúram a thabhairt ar bhealach a neartóidh iad siúd atá tinn.
Líon sinn le flaithiúlacht agus muid ag beathú na ndaoine ocracha agus ag tabhairt dí don dream tartmhar.
Lig dúinn a bheith mar láithreacht leighis dóibh siúd atá lag agus tuirseach, trí fháilte agus cineáltas a thairiscint dóibh.
Go gcuimhnímis éisteacht agus lámh chúnta agus croí a thairiscint nuair a thagann an deis chugainn.
Tabhair croíthe tuisceana dúinn nuair a bhíonn easaontas againn, ach ná bímis riamh míshásta lena chéile.
Spreag sinn chun ár ndícheall a dhéanamh chun iad siúd nach bhfuil aithne againn orthu agus nach dtabharfar faoi deara iad a áireamh.
Cabhraigh linn a bheith cuimsitheach do gach duine a thagann chuig ár ndoras.
John Cullen, Teachtaire an Chroí Naofa, Lúnasa 2023