Ag Roinnt agus ag tabhairt aire dár dTeach Coiteann
Is fiú iniúchadh a dhéanamh ar shaibhreas an téarma a roghnaigh an Pápa don Domhan – ár dteach coiteann. Spreagann an focal ‘baile’ go leor cuimhní agus mothúchán ionainn. Má bhí óige shona agat, is é an baile an áit a bhfuil an gean is mó agat dó: meascann sé dea-chaidrimh le sainiúlachtaí na háite inar thosaigh tú do shaol. Mar a deir Elvis Presley, is é an baile an áit a bhfuil an croí. Tagann sé seo leis an seanfhocal, ‘Tógann sé lámha chun teach a thógáil, ach ní féidir ach le croíthe baile a thógáil.’.
Deir an Pápa:
Is cosúil le deirfiúr a roinnimid ár saol léi, agus máthair álainn a osclaíonn a géaga chun barróg a thabhairt dúinn, ár dteach coiteann. (Laudato Si’, 1)
Is deacair ainm níos corraithí a shamhlú don domhan ná ‘ár dteach coiteann’. ‘Is tír dhúchais í ár bplainéad agus is pobal amháin í an chine daonna atá ina gcónaí i dteach coiteann’ (Laudato Si’, 164).
Ní mór dúinn an rud a bain ár sinsir taitneamh as a aimsiú arís – caidreamh domhain agus grámhar leis an Domhan agus a áitritheoirí uile. Mar leanaí, roinneamar baile, a bhí beag b’fhéidir; anois roinnimid pláinéad, agus cosúil le Naomh Proinsias Assisi san am a chuaigh thart, tá sé de chúram orainn inár linn é a chosaint agus a dheisiú.
Brian Grogan SJ, Finding God in a Leaf: The Mysticism of Laudato Si’