Ag tabhairt aghaidh ar an dorchadas

Bíonn taithí againn uile ar dhorchadas sa saol ó am go ham. Is trí aghaidh a thabhairt ar an áit dhorcha agus fholamh a fheicimid an fhírinn nach iad ár gcuid fadhbanna, dá tromchúisí ná á minice iad, iomlán an scéil riamh. Domsa, is é moilliú síos agus smacht na paidreoireachta agus an machnaimh a fháil ar ais, seachas mé a thabhairt chuig áit uafáis agus scriosta, a threoraíonn mé i ndáiríre chuig áit leighis. Is áit teagmhála leis an réaltacht í, teagmháil le Dia.

Gach bliain ar an Satharn Naofa, bíonn tost ann, agus scairteann an tuama dorcha folamh amach chuig na daoine a mbeadh eagla orthu roimh an deireadh, ‘Tagaigí, féachaigí!’ Agus tuigim anois cén fáth ar ghá dóibh dul chuig an tuama. Bhí Íosa ag múineadh dóibh, fiú in am anró mhóir, go gcaithfimid uile dul chuig an tuama – na háiteanna dorcha folamha – dá scanrúla a d’fhéadfadh sin a bheith. Cén fáth a nglaonn sé orainn ann? Mar nuair a théimid, nuair a bheimid ag tabhairt aghaidh ar an dorchadas, feicfimid nach bhfuil sé dorcha ar chor ar bith. Tá solas iontach ag teacht. Ní hé fadhbanna, fiú an bás, an deireadh. Bíonn gealltanas trí lá ina dhiaidh sin ann i gcónaí.

Brendan McManus SJ and Jim Deeds, Emerging from the Mess