An aibhleog dhearg

Tá scéal coitianta seanmóirí ann: stad ball de pharóiste áirithe, a bhíodh ag freastal ar an Aifreann go rialta roimhe sin, go tobann ag freastal. Tar éis cúpla seachtain, shocraigh an sagart cuairt a thabhairt air. Tráthnóna fuar a bhí ann, agus fuair an sagart an fear ina aonar sa bhaile, ina shuí os comhair tine ghuail lasrach.

Agus buille faoi thuairim á thabhairt aige faoi chúis chuairt an tsagairt, chuir an fear fáilte roimhe, threoraigh sé chuig cathaoir mhór in aice leis an teallach é agus d’fhan sé. Rinne an sagart é féin compordach ach níor dhúirt sé tada. Sa tost trom, shuigh sé síos agus d’fhéach sé ar an tine.
Tar éis cúpla nóiméad, thóg an sagart an tlú, thog sé píosa guail, a bhí ag dó go geal, go cúramach ón tine, agus chuir sé ar thaobh amháin den teallach é, leis féin. Ansin shuigh sé siar ina chathaoir, fós ina thost. D’fhéach an bheirt acu ar an ngual. De réir a chéile, laghdaigh lasair an ghuail, bhí lasadh gairid as aus ansin mhúch sé. Go gairid ina dhiadh sin bhí sé fuar agus marbh. D’éirigh an sagart arís, thog sé an gual fuar, marbh agus chuir sé ar ais i lár na tine é. Láithreach, thosaigh sé ag lonrú arís le solas agus teas na ngual dóite timpeall air.
Bhí an ceacht simplí. Ní féidir le cnapán guail amháin dó leis féin; tógann sé go leor cnapán guail chun tine nach múchfaidh a dhéanamh. Ní féidir le haon Chríostaí dó do Dhia ar feadh i bhfad gan tacaíocht leanúnach ón gcuid eile den Eaglais.

Paul O’Reilly SJ, Hope in all Things