An t-Anam Néata
Maidir linne, i séasúr seo na hAidbhinte, tá gairm againn a thuiscint go n-éilíonn an t-anam néata, cosúil leis an teach néata, iarracht. Ní tharlaíonn sé gan stró. Más mian linn i ndáiríre go dtiocfadh an Tiarna agus go bhfanfadh sé tamall, ní mór dúinn an bealach a ullmhú. Baineann sé leis an teach a chur in ord – an t-anam a chur in ord. Áit éigin agus ar bhealach éigin, ní mór dúinn focail an cheannfoirt a chloisteáil arís agus a thuiscint gur linne a chuid focal freisin, ‘A Thiarna, ní fiú mé tú a bheith faoi mo dhíon’. Chuige sin, teastaíonn plean gníomhaíochta uainn, cineál léarscáil bóthair, chun treoir a thabhairt dúinn ar an turas.
Soláthraíonn Sacraimint an Athmhuintearais cuid den treochlár sin. Tá a chomhordanáidí ann cheana féin dúinn, agus d’fhéadfaí an chéad ghluaiseacht a fháil i ‘Beannaigh mé, a Athair, mar pheacaigh mé’.
Vincent Sherlock, Let Advent be Advent