Bí cosúil le Naomh Proinsias Assisi

Ceiliúrtar féile Naomh Proinsias Assisi gach bliain ar an 4ú lá de Dheireadh Fómhair. Marcálann sé deireadh Shéasúr na Cruthaithe agus tugann sé cuireadh dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar naomhphátrún na héiceolaíochta. Ba mhisteach é Naomh Proinsias a thug cuireadh dúinn, ‘dílis don Scrioptúr, an dúlra a fheiceáil mar leabhar iontach ina labhraíonn Dia linn agus a thugann léargas dúinn ar a áilleacht agus a mhaitheas gan teorainn’ (Laudato Si’, 12).

Agus é feasach ar an dlúthbhaint atá idir gach rud, bhí tuiscint dhomhain ag Naomh Proinsias ar a dtugaimid éiceolaíocht chomhtháite air inniu. Díreach mar a chaith Íosa go leor ama sa nádúr, ag machnamh ar na gealbhain (Lúcás 12:6) agus ar na síolta is lú (Lúcás 17:5), mhair Naomh Proinsias i gcomhréir iomlán leis an gcruthú freisin. Thaispeáin sé dúinn nach féidir cúram don chruthú a scaradh ó imní dá chéile, ó cheartas do na boicht agus ónár síocháin inmheánach féin. Agus é ag feiceáil go bhfuil gach rud ceangailte, agus ag maireachtáil an fhís seo go lúcháireach agus le croí oscailte, bhí – agus tá – grá mór do Naomh Proinsias. Tugann sé sinn go croílár na daonnachta muid, agus tugann sé cuireadh dúinn tiontú domhain inmheánach a dhéanamh: ‘Díreach mar a tharlaíonn nuair a thiteann muid i ngrá le duine, aon uair a d’fhéachfadh Proinsias ar an ngrian, ar an ngealach nó ar na hainmhithe is lú, phléasc sé amach ag canadh, ag tarraingt gach créatúir eile isteach ina mholadh’ (Laudato Si’, 11).

Glaoitear orainn chun an t-eolas seo a fháil ionas go ndéanaimid ár gcaidreamh briste leis an domhan nádúrtha agus lena chéile a dheisiú. Glaoitear orainn casadh ar shiúl ón scrios agus, agus muid ag mothú dlúthcheangailte le gach a bhfuil ann, aire níos doimhne a thabhairt dár mbaile coiteann.

Tríona Doherty agus Jane Mellett, Teachtaire an Chroí Naofa , Deireadh Fómhair 2021