Déan cliabhán d’Íosa as ár gCroíthe

Agus muid ag ceiliúradh na Nollag, iarrtar orainn ár gcroíthe a oscailt, cliabhán a dhéanamh dár gcroíthe — áit chun fáilte a chur roimh Íosa agus bualadh leis. Cad is brí leis seo? Agus muid ag éisteacht le scéal na Nollag inniu, cén tionchar atá aige orainn?
B’fhéidir go bhfuilimid cosúil leis na haoirí, ag borradh le lúcháir. B’fhéidir go ndéanfadh muid ionnanú le Muire, fós ag iarraidh a dhéanamh amach cad is brí leis ar fad. Tá spás ann don dá rud. Tá doimhneacht agus dlúthchaidreamh i dtuiscint Mhuire ar Íosa, ach b’fhéidir nach bhfuil ach tús an scéil ag na hAoirí. Téann ár gcreideamh agus ár gcaidreamh le Dia trí shéasúir. Is féidir le harduithe agus íslithe an tsaoil teacht aniar aduaidh orainn, agus b’fhéidir go bhfeicfimid rudaí ar bhealach difriúil. Nuair a bhíonn fuadar na hAidbhinte thart, bíonn bealach ag an Nollaig sinn a stopadh inár rianta, ag tabhairt am dúinn scíth a ligean in ionadh agus buíochas a ghabháil as dílseacht Dé inár saol. Is am é seo chun suí le Muire agus í ag machnamh agus ag smaoineamh.

Tríona Doherty agus Jane Mellett, The Deep End: A Journey with the Gospels in the Year of Matthew