Dul i muinín Dé

Tá an oiread sin taithí againn ar scéal an Fhógartha gur furasta talamh slán a dhéanamh de creideamh Mhuire. Is furasta dearmad a dhéanamh gur fhógair teachtaireacht Ghabriel athruithe móra do Mhuire . Níor thug sé aon ráthaíochtaí daonna do Mhuire; níor thairg sé bealach aitheanta ná slán chun cinn di. Chuir sé crua uirthi. D’éiligh gach rud faoin eachtra uathúil seo dul i muinín Dé: bhí sé deacair go leor cheana féin glacadh leis go raibh aingeal ag labhairt léi; bhí sé níos deacra fós a chreidiúint go bhféadfadh maighdean a bheith torrach, ach cé a shamhlódh go bhféadfadh aon bhean a bheith ina máthair Dé féin! Bhí Gabriel ag cuir samhail beagnach dochreidte roimpi. Níor stop Muire le smaoineamh ar dhóchúlacht an méid a bhí á fhógairt. Dá mba rud é go ndearna, is dócha go ndiúltódh sí a chreidiúint. Bhí fócas Mhuire ar Dhia. Chreid sí sách i gcumhacht agus i ngrá Dé chun glacadh leis an teachtaireacht a chuir Gabriel in iúl di. Thum sí go croíúil isteach in aigéan gan teorainn Dé agus dúirt sí: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir dʼfhocail.” (Lúcás 1:38).

Thomas Casey SJ, Smile of Joy: Mary of Nazareth