Is é ár sprioc ná maireachtáil go hiomlán i láthair Dé

Nuair a bhíonn caidreamh maith againn le Dia, déanann an spiorad olc iarracht sinn a chur trína chéile trí imní, frustrachas, míshástacht agus brón a chur orainn. Níor cheart dúinn dul isteach ina pháirc imeartha trí dhul i ngleic leis an gcathú nó trí argóint a dhéanamh leis na smaointe nó na spreagthaí neamhchabhracha seo. Má dhéanaimid, is dócha go gcaillfimid an cath. Ina áit sin, ba cheart dúinn filleadh go socair i láthair Dé. Mar a deir Leabhar Eaxodus: ‘Troidfidh an Tiarna ar bhur son; níl le déanamh agaibh ach fanacht socair’ (Eaxodus 14:14).
Múineann sampla Mhuire dúinn go dtagann fíor-áthas ó bheith aontaithe le foinse gach fíor-áthais: Dia. Dá mhéad a bhímid ar aon le Dia, is ea is lú a chuireann imní, eagla agus pianta isteach orainn. Ní gá dúinn sinn féin a chosaint ar na hionraí seo, mar is í láithreacht Dé féin ár gcosaint. Fiú agus Muire ar talamh, bhí sé amhail is dá mbeadh sí ar neamh cheana féin, mar bhí sí go hiomlán i láthair Dé, i gcónaí ag adhradh an té a líon í le solas agus le lúcháir. Agus de réir mar a bhí a saol ag druidim chun deiridh, d’éirigh an solas a bhí i gcónaí ag lonrú ina croí níos déine agus níos déine. Tharraing sé í ar fad suas, amhail is dá mba mhian leis í a sciobadh ón talamh agus í a tharraingt suas san áit a raibh a spiorad ag ardú cheana féin, ionas go bhféadfadh sí a Magnificat álainn a chanadh i mbuíochas le Dia go deo na ndeor.

Thomas Casey SJ, Smile of Joy: Mary of Nazareth