Tá tart orainn bheith san áireamh
Taispeánann pictiúr cáiliúil an bhean Samárach ag féachaint isteach sa tobar agus ag feiceáil a híomhá féin agus íomhá Íosa. I ndoimhneacht tobair a saoil tá láithreacht Íosa.
I ndoimhneacht an tobair, nuair a bhíonn muid i ngrá, i bpian, i mbás, ag glacadh cinneadh, in áthas, aimsímid Dia. Tá Dia gar dúinn nuair a bhíonn muid gar dúinn féin, fiú amháin i náire agus i bpeaca. Tá tart orainn do bhrí na beatha, tart do mbeadh fhios aagainn go bhfuil grá iomlán dúinn, tart pobail agus comhluadair – agus cuireann Dia seo ar fad ar fáil dúinn.
Seo tairiscint Dé – is é an Spiorad Naomh an t-uisce beo. Tá tart orainn bheith san áireamh – ní raibh na deisceabail sa scéal seo ag iarraidh go labhródh Íosa le bean. Bhí an oiread sin de reiligiún an ama ag scaradh daoine. I ndoimhneacht an tobair, táimid uile cothrom.
Faighimid trócaire Dé sa tobar. De réir mar a théimid isteach i ndoimhneacht na paidreoireachta agus inár ndoimhneacht féin, bímid oscailte don trócaire. Féadfaimid coinníollacha a chur ar thrócaire Dé – ár bpeacaí a ainmniú, nó iad a áireamh. Ag bun an tobair tá uisce na trócaire.
Donal Neary SJ, Machnaimh Soiscéil do Dhomhnaigh na Bliana A