Mark 7:14-23 ABN
14Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: “Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo. 15Níl aon ní lasmuigh den duine a dʼfhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan.
17Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, dʼfhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal. 18Dúirt sé leo: “Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan, 19de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?” (Sin mar a dʼfhógair sé gach bia a bheith glan.) 20Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine. 21Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, 22bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht. 23Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Mark 7:14-23 ABN
Inspioráid - 2026-02-11 Paidir Laethúil
Uaireanta, is féidir le féile nó naomh an lae atá á cheiliúradh muid a thosú agus muid ag iarraidh a roinnt le hÍosa cad atá ag tarlú ionainn. Má bhí tú riamh i Lourdes, d’fhéadfadh cuimhne ar shiúl timpeall na cearnóige i mórshiúl na dtóirsí agus líon mór daoine ag guí an Phaidrín cabhrú leat an mothú ollmhór urraim agus buíochais is mian linn a chur in iúl do mháthair Íosa a thabhairt chun cuimhne. Lig do sin a bheith mar phaidir againn inniu.