Mark 7:24-30 ABN

24Chuir sé chun siúil as sin agus dʼimigh go críocha na Tuíre agus na Síodóine. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne. 25Óir bean a raibh a hiníon bheag agus spiorad míghlan inti, chuala sí scéala air láithreach agus tháinig sí á caitheamh féin ag a chosa. 26Bean Ghréagach í, Suíriféinicach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon. 27Dúirt sé léi: “Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.” 28Ach dúirt sí leis á fhreagairt: “Cinnte, a Thiarna, agus na coileáin féin a bhíonn faoin mbord, itheann siad grabhróga na leanaí.” 29Agus dúirt sé léi: “Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as dʼiníon.” 30Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.


Machnamh on Mark 7:24-30 ABN

Inspioráid - 2026-02-12 Paidir Laethúil

Ó am go ham sna radhairc sna soiscéil, is cosúil go mbíonn Íosa sách géar i leith an duine atá ag impí air cabhair a thabhairt. Sin an chéad mhothúchán a bhíonn agam an uair seo. Ós rud é gur as aicme shóisialta dhifriúil í, is dócha gur cheap an bhean go raibh seans beag go n-éistfí léi, ach níor chuir sin bac uirthi iarracht a dhéanamh. Coinním i gcuimhne í mar mhúnla de conas mo mhisneach féin a ghlacadh nuair a dhéanaim iarratais mé féin.