Maitiú 23:1-12 ABN

1 Labhair Íosa ansin leis na sluaite agus lena dheisceabail: 2 “Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois, 3 agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n-oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu. 4 Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní áil leo féin iad a bhogadh le barr méire. 5 Déanann siad a n-oibreacha uile d’fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga; 6 is maith leo an chéad áit sna fleánna agus na príomhshuíocháin sna sionagóga, 7 agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu. 8 Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t-aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile. 9 Agus ná glaoigí bhur ‘n-athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t-aon Athair, an té atá ar neamh. 10 Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t-aon Mhúinteoir, an Críost. 11 An té agaibh is uaisle, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh. 12 Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é.