Lúcás 16:19-31 ABN

19 “Bhí fear saibhir ann a mbíodh corcra agus sról rómhín mar éadach air, agus é go taibhseach gach lá ag bord aoibhinn. 20 Agus bhíodh duine bocht darbh ainm Lazaras ina luí le hais a gheata agus screamh othras air 21 agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n-othras aige. 22 Ach ansin fuair an duine bocht bás, agus iompraíodh ag na haingil é go hucht Abrahám.Fuair an fear saibhir bás freisin agus adhlacadh é. 23 Agus in ifreann dó, d’ardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht., 24 Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’ 25 Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá. 26 Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’ 27 Dúirt seisean: ‘Iarraim ort más ea, a athair, é chur go dtí teach m’athar— 28 óir tá cúigear dearthár agam—chun go dtabharfadh sé fios an scéil dóibh d’eagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.’ 29 Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’ 30 Dúirt sé: ‘Ní hea, a athair Abrahám, ach má théann duine ó na mairbh chucu déanfaidh siad aithrí.’ 31 Ach dúirt sé leis: ‘Mura n-éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.’”


Machnamh on Lúcás 16:19-31 ABN

Inspioráid - 2026-03-05 Paidir Laethúil

Ligeann an fear saibhir sa pharabal seo do dhaoine eile timpeall air, go háirithe an fear bocht Lazarus, a shaibhris gránna a fheiceáil. Tá sé thar a bheith éasca neamhaird a dhéanamh – nó gan riachtanais daoine eile a dtéimid tharstu le beagán machnaimh gach lá a fheiceáil. Níl Lazarus dofheicthe ag Dia, mar sin iarraim go n-osclófaí mo chroí ionas nach mbeadh sé dofheicthe domsa ach an oiread.