Eoin 4:5-42 ABN
5Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. 6Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é.
7Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” 8 Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. 9 Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh., 10D’fhreagair Íosa:“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,“ agus cé hé a deir leat:‘Tabhair dom deoch,’is tusa a bheadh ag iarraidh airsean,agus thabharfadh sé duit uisce beo.” 11“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo? 12 An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?” 13 D’fhreagair Íosa:“Gach duine a ólann an t-uisce seo,” ar sé léi,“beidh tart arís air.14 Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó,ní bheidh tart air go brách na breithe.Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó,déanfaidh tobar uisce de istigh ann,ag brúchtaíl chun na beatha síoraí.” 15Dúirt an bhean leis: A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.”
16Júirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d’fhear agus fill anseo.” 17 D’fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’; 18 óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d’fhear é. D’inis tú an fhírinne sa mhéid sin.” 19 Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. 20 Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.” 21Dúirt Íosa léi:“Creid uaimse é, a bheango bhfuil an uain ag teachtnuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéima dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh. 22Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh;adhraimidne an ní is eol dúinn;mar is ó na Giúdaigh an slánú. 23Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é,ina ndéanfaidh lucht an fhíoradharthaan tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne;óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh. 24Spiorad é Dia,agus lucht a adharthais i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.” 25Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht”—is é sin le rá an Críost—“agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.” 26Dúirt Íosa léi: “Mise é, atá ag caint leat.”
27Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?” 28 Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d’imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: 29 “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d’inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?” 30Ghluais daoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
31Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.” 32 Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.” 33 Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?” 34 Dúirt Íosa leo:“Is é is bia domsatoil an té a chuir uaidh mé a dhéanamhagus a obair a chur i gcrích. 35Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eileagus beidh an fómhar ann’?Seo mise á rá libh:Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;tá siad geal chun an fhómhair. 36Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí,i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóiragus ar an mbuanaí in éineacht. 37Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo:‘Cuireann duine, baineann duine eile.’ 38Sheol mise sibhse uaimchun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin.Shaothraigh daoine eile é,agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.”
39Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D’inis sé dom gach ní dá ndearna mé.” 40Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d’fhan sé ansiúd dhá lá. 41 Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair 42 agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Eoin 4:5-42 ABN
Inspioráid - 2026-03-08 Paidir Laethúil
Tháinig an bhean Samárach chuig an áit cheart agus ag an nóiméad ba mhó a bhí oiriúnach chun Íosa a fháil ag fanacht ann cheana féin. Gan mhoill, thuig sí go bhféadfadh sé í a léamh mar leabhar. An bhféadfadh sé, a Thiarna, gur féidir leat mé a léamh chomh héasca céanna? Más ea, an féidir leat cabhrú liom beagán dá humhlaíocht agus dá macántacht a bheith agam agus í ag cur síos ar an gcaoi a atá mo shaol ag dul le déanaí, mar aon le beagán dá toilteanas athrú a dhéanamh?