John 6:22-29 ABN

22Lá arna mhárach chonaic an slua a d’fhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t‑aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin. 23Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna. 24Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa.

25Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: “A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?” 26D’fhreagair Íosa: “Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith. 27Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.” 28Dúirt siad leis ansin: “Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?” 29D’fhreagair Íosa: “Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.”


Machnamh on John 6:22-29 ABN

Inspioráid - 2026-04-20 Paidir Laethúil

Tá fianaise againn i gcuid de na scéalta soiscéil a chuirtear i láthair anseo gur dhein go leor iarracht mhór chun bheith i gcuideachta Íosa toisc go raibh fhios acu go raibh níos mó de dhíth orthu ná mar a bhí acu cheana féin. Ba é a fhreagra ná a chur in iúl dóibh go raibh siad ag cuardach an rud mhícheart, b’fhéidir. Bhí dúil acu in arán don chorp, ach bhí cothú don anam níos práinní.