Eoin 16:20-23 ABN

20Amen, Amen, a deirim libh, beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh, ach beidh an saol ag déanamh áthais. Beidh sibhse buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais. 21Nuair a bhíonn bean ina luí seoil, bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha. Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe, ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh, le barr áthais go bhfuil duine saolaithe. 22Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n‑áthas díbh. 23An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m’ainm-sé.


Machnamh on Eoin 16:20-23 ABN

Inspioráid - 2026-05-15 Paidir Laethúil

Is minic a bhíonn sé níos fusa na huaireanta a mbíonn pian orainn inár saol a thabhairt faoi deara ná na hócáidí a mbíonn áthas orainn. Cabhraigh linn d’íobairt a bhrath agus a bheith buíoch go deo as, íobairt a thug saol nua dúinn agus an cumas an críoch a cruthaíodh muid chuige a bhaint amach. Go raibh an cumas againn áthas a thabhairt faoi deara nuair a thagann sé chugainn agus é a úsáid chun an Ríocht a thabahirt i láthair iad siúd a mbímid i dteagmháil leo.