Matha 5:20-26 ABN

20Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.

21“Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’ 22Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn. 23Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairt dʼofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort, 24fág dʼofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála. 25An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpríosún thú. 26Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an cianóigín deireanach díolta agat.


Machnamh on Matha 5:20-26 ABN

Inspioráid - 2026-06-11 Paidir Laethúil

Ní tasc éasca riamh é freagairt go fial agus go macánta do chásanna a bhíonn romhainn. Éilíonn sé tuiscint agus oscailteacht. Bhí treoracha á lorg ag na scríobhaithe agus na Fairisínigh, díreach cosúil linn féin, maidir le conas ba chóir dóibh dul ar aghaidh sa saol, ach bhí claonadh iontu a bheith ró-spleách ar rialacha agus ar dhlíthiúlacht, agus chloígh siad go docht leo. Trí iarracht a dhéanamh grá a thabhairt do Dhia agus dár gcomhdhaoine, iarraimid go dtabharfaí solas dúinn ar an mbealach is fearr le dul ar aghaidh.