Maitiú 12:1-8 ABN

1 San aimsir sin ghabh Íosa trí na goirt arbhair lá sabóide. Bhí ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe. 2 Chonaic na Fairisínigh é sin agus dúirt siad: “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh á sabóide.” 3 Dúirt sé leo: “An ea nár léigh sibh mar a rinne Dáiví é nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh? 4 Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé, agus mar a d’ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin. 5 Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu? 6 Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall. 7 Agus dá mbʼeol daoibh a chiall siúd: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt,’ ní dhaorfadh sibh na daoine atá gan locht.” 8 Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid.


Machnamh on Maitiú 12:1-8 ABN

Inspioráid - 2026-07-17 Paidir Laethúil

Bhí deighilt sa phobal maidir le hÍosa le feiceáil arís. Chuaigh na Fairisínigh amach agus rinne siad comhcheilg ina choinne, maidir le conas é a scrios, ach ‘lean sluaite móra é’. Guímid go mbeidh soiléireacht ann chun creideamh ann agus é a leanacht in ainneoin naimhdeas na haoise seo.