Maitiú 12:14-21 ABN
14 Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.
15 Bhí a fhios ag Íosa, áfach, agus chuaigh sé i leataobh as sin. Lean sluaite móra é, agus leigheas sé iad uile, 16 ach thug ordú láidir dóibh gan é chur in iúl; 17 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
18 “Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, m’aonghrá ar a bhfuil gnaoi m’anama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.. 19 Ní dhéanfaidh sé bruíon ná gáir, ná ní chluinfear a ghlór sna sráideanna. 20 Ní bhrisfidh sé an ghiolcach leontaná ní mhúchfaidh sé buaiceas an deataigh, nó go mbéarfaidh sé an reacht chun bua. 21 Beidh muinín ag na ciníocha as a ainm.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Maitiú 12:14-21 ABN
Inspioráid - 2026-07-18 Paidir Laethúil
Tá go leor eolais sna léachtaí na laethanta seo faoi na Fairisínigh agus a ndearcadh ar Íosa. Ba bhagairt thú, a Thiarna, agus dá dheacsa sinbhí orth bheith ar d’airdeall doá mheabhlaireacht agus dá gcheasaíocht. Go bunúsach, bhí cealg ina n-intinn nuair a thagadh siad chun tú a cheistíu. Tabhair súil ghéar dúinn, ach croí oscailte freisin, nuair a dhéanaimid iarracht do ghrá dúinn a thuiscint.