Matha 12:46-50 ABN

46Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis. 47Dúirt duine éigin leis: “Feach, tá do mháthair agus do bhráithre lasmuigh ag iarraidh labhairt leat.”” 48Agus dúirt leis an té a dʼinis dó é: “Cé hí mo mháthair agus cé hiad mo bhráithre?” 49Agus ag síneadh a láimhe faoina chuid deisceabal, dúirt: “Féach mo mháthair agus mo bhráithre! 50óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil mʼAthar atá ar neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.”


Machnamh on Matha 12:46-50 ABN

Inspioráid - 2026-07-21 Paidir Laethúil

Uaireanta deirtear go roghnaíonn daoine críonna tuismitheoirí maithe. Is cinnte go mbíonn tionchar mór ag ár ndeartháireacha agus deirfiúracha ar an dul chun cinn a dhéanaimid. Tuigim ó théacs an lae inniu gur shíl cuid de theaghlach leathnaithe Íosa gur chuir a iompar brú orthu. Go mbímis ar ár gcompord leatsa mar atá tusa linne.