Eoin 19:25-27 ABN
25 Rinne na saighdiúirí an méid sin.
Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.
26 Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.” 27 Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Eoin 19:25-27 ABN
Inspioráid - 2026-09-15 Paidir Laethúil
Ní bhíonn Muire, Máthair Dé, le feiceáil rómhinic sna soiscéil, ach aon uair a bhíonn sí le feiceáil, bíonn píosa eagna ríthábhachtach aici le bronnadh i gcónaí – cé go minic nach mbíonn sí chomh soiléir. Trí thiubh agus tanaí, bhí sí dílis go dtí an deireadh. Go mbaine muid neart as a seasmhacht agus go seasa muid leat, a Thiarna, trí amanna dorcha chomh maith le tréimhsí gan trioblóid.