Naomh Iognáid Loyola
Tagann ár nguí laethúil sa Tearmann ó thraidisiún na Spioradáltachta Iognáideach. Seo an téarma a thugtar ar shaothar Naomh Iognáid Loyola, Bascach ón 15ú haois a chuaigh faoi thiontú radacach ina shaol. Ba é Iognáid a bhunaigh Compánaigh Íosa – na hÍosánaigh.

ugadh Iognáid Loyola (“Inigo”) sa bhliain 1491, duine de 13 leanbh a rugadh do thuismitheoirí, a bhain leis na mionuaisle, i mbaile Azpeitia, Loyola, i réigiún na mBascach sa Spáinn. Fear saolta ab ea é agus ridire cróga a raibh cáil air mar gheall ar a dhíograis agus a uaillmhian. Tharla deis a iompaithe agus é ag freastal ar Rí Navarra le linn cath ag Pamplona in aghaidh arm níos líonmhaire na Fraince. In ainneoin nárbh fhéidir Pamplona a chosaint ar forneart na bhFrancach, d’ordaigh Ignatius gan géilleadh. Gortaíodh Ignatius le hurchar ghunna móir, rud a d’fhág go raibh a chos agus a shaol briste. Chaith sé roinnt mhaith míonna ag téarnamh i gcaisleán an teaghlaigh ag Loyola agus i rith an ama sin tharla tiontú radacach dó.
Le linn uaireanta fada an téarnaimh, fágadh Ignatius ag léamh na leabhair a bhí ar fáil sa teach chun an t-am a chaitheamh. Beathaí na Naomh agus na Soiscéil a bhí sna leabhair seo, seachas a ghnáth-rogha ficsin. D’eascair eispéiris dhomhain spioradálta as na huaireanta iomadúla léitheoireachta agus machnaimh. Thug Ignatius faoi deara an fhreagairt a bhí aige ar an méid a bhí á léamh aige agus gur spreag léamh Beathaí na Naomh agus na Soiscéal áthas agus síocháin marthanach ann (ar thug sé “sólás” air). Thug sé faoi deara freisin go shásaigh léamh na n-úrscéalta saolta ar bhain sé taitneamh astu roimhe seo, feadh tamaill é ach i ndeireadh na dála gur mhothaigh sé folamh (“dólás” a thug sé ar seo ar ball). Bhraith sé gur leideanna ó Dhia iad seo maidir le mian Dé dó agus do threo a shaoil.
Nuair bhí Iognáid arís ina shláinte, d’fhág sé áras an teaghlaigh i Loyola do Manresa agus d’fhág sé saol ridire ina dhiaidh freisin. Thosaigh sé a shaol mar oilithrigh a bhí ina shaol urnaí domhain, machnaimh agus déanamh gníomhartha simplí cineálta. Tar éis blianta fada a chaitheamh ag siúl timpeall na hEorpa chaith sé aon bhliain déag i bPáras ag déanamh staidéir ar na Dána agus ar an Diagacht (ó 1524 go 1535). Bhunaigh Iognáid Compánaigh Íosa i 1534 i bPáras agus oirníodh ina shagart é agus é 46 bliana d’aois. Ba é an chéad cheann feadhna ar Ord na nÍosánach. Fuair Iognáid bás sa Róimh ar 31 Iúil 1556 in aois a 64.
Cleachtaí Spioradálta
Chuir Ignatius é féin in oiriúint do mhian Dé dá shaol trí fhorbairt a dhéanamh ar a chaidreamh le Dia trí urnaí seasta. Rinne sé iarracht “Dia a aimsiú i ngach ní” le linn gnathimeachtaí a lae. Chaith sé go leor ama ag guí agus ag machnamh agus thaifead sé go leor dá léargais agus dá mhachnamh i leabhar. Is é an leabhar seo a dtugaimid na Cleachtaí Spioradálta air agus tá sé ar cheann de na leabhair is tábhachtaí agus is mó tionchair ar spioradáltacht agus tá sé fós ag dul i bhfeidhm ar dhaoine 500 bliain níos déanaí.
Cuireann na Cleachtaí Spioradálta go leor cineálacha urnaí ar fáil do dhaoine chun cabhrú leo a gcaidreamh leis an Dhiaga a fhorbairt agus láithreacht mhachnamhach a bhaint amach ina saol. Ceann de na foirmeacha paidir seo a bhí riachtanach d’Iognáid ná paidir an Scrúdaithe. Is foirm urnaí í seo a chuidíonn le daoine íogaireacht a fhorbairt maidir le tabhairt faoi deara cá bhfuil Dia i ngnáth rudaí beaga a saolta – na heachtraí éagsúla, streachailtí, sólás, srl. Scríobh Iognáid na Cleachtaí Spioradálta le linn dó a bheith ina fhear tuata agus tá siad bunaithe ar ghnáthcheisteanna laethúla an ghnáthdhuine. Thug Iognáid teagmháil Dé faoi deara gach lá agus taispeánann sé dúinn conas is féidir linne freisin teagmháil Dé sa ghnáthrud a thabhairt faoi deara agus taithí a fháil air.