Eoin 10:1-10 ABN

1“Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí. 2An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach. 3Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin as a n‑ainm, agus seolann amach iad. 4Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth. 5Ní baol go leanfadh siad coimhthíoch, ach teithfidh siad uaidh mar nach n‑aithníonn siad guth na gcoimhthíoch.” 6Labhair Íosa an tsolaoid sin leo, ach níor thuig siadsan cad a bhí á rá aige leo.

7Ansin dúirt Íosa leo arís: “Amen, Amen, a deirim libh, Mise doras na gcaorach. 8Gach ar tháinig romham, bithiúnaigh a ba ea iad agus robálaithe, agus níor éist na caoirigh leo. 9Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach. 10Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.


Machnamh on Eoin 10:1-10 ABN

Inspioráid - 2026-04-26 Paidir Laethúil

Déanann Íosa cur síos air féin mar gheata – rud atá oiriúnach chun daoine a ligean isteach i riocht nó in áit ar mian leo a bheith, nó chun daoine a choinneáil amach. Ar bhealach, a Thiarna, insíonn tú dúinn gur geata thú nó gur cruthaitheoir bealaigh thú tríot féin, rud a osclóidh cosán chuig an Ríocht agus chuig d’Athair. Geallann tú, má bhíonn caidreamh rialta again leat, go bhfaighfimid beatha fíor ní hamháin inár saol laethúil ach ag deireadh an ama freisin.