Eoin 10:22-30 ABN
22Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é.23agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh. 24Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: “An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil.” 25D’fhreagair Íosa iad: “D’inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh. Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m’Athar, tugann siad fianaise i mo thaobh. 26Ach ní chreideann sibhse, mar ní de mo chaoirigh sibh. 27Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé. 28Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad. 29M’Athair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir d’aon duine fuadach ó láimh m’Athar. 30Is aon mise agus an tAthair.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Eoin 10:22-30 ABN
Inspioráid - 2026-04-28 Paidir Laethúil
Más leadránach agus gan bheatha m’urnaí agus mo shaol Críostaí, an amhlaidh nach gcreidim gach a ndúirt Íosa liom faoina ghrá dom?
Ba chóir dúinne, Críostaithe, a bheith ar na daoine is sona, is cuma cad iad na fadhbanna atá againn. Cén fáth? Mar tá ár dtodhchaí slán go hiomlán agus tarraingteach go hiomlán. Níl aon téarmaí ná coinníollacha ann.