Eoin 10:27-30 ABN
27Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé. 28Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad. 29M’Athair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir d’aon duine fuadach ó láimh m’Athar. 30Is aon mise agus an tAthair.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Eoin 10:27-30 ABN
Inspioráid - 2025-05-11 Paidir Laethúil
Sa Sean-Tiomna agus sa Nua-Tiomna araon, is coitianta an íomhá agus an téama Dé mar an aoire. Tá an gaol idir sinn féin agus Íosa ár nAoire an-dlúth. Ní thréigfidh sé sinn choíche agus treoróidh sé sinn chuig an saol síoraí. Caithimis tamall anois ina chuideachta, agus iarraimis muinín iomlán ann.