Eoin 13:16-20 ABN
16Amen, Amen, a deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é. 17Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad. 18“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d’ith arán liom, d’ardaigh sé a sháil i mo choinne.’ 19Táim á insint sin daoibh anois, roimh ré, sula dtarlaíonn sé, i dtreo, nuair a tharlaíonn sé, go gcreidfidh sibh gur mise é. , 20Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Eoin 13:16-20 ABN
Inspioráid - 2026-04-30 Paidir Laethúil
Leanann an sliocht seo níochán chosa a dheisceabal. Is suntasach gur chuir Eoin níochán na gcosa in ionad bhunú na hEocairiste ag an Suipéar Deireanach. Bhí Íosa ag iarraidh ar a lucht leanúna an ceacht seo a mheabhrú mar chuid lárnach dá theagasc, agus cuireann Eoin i láthair é é ag béile sollúnta an Tiarna, agus é ag fágáil slán.
Tá gairm chun freastail ag lucht leanúna Íosa. Is é féin an tsamhail seirbhíse. Smaoinigh ar cad is brí le bheith i do leantóir ag Íosa. An ndéanaim talamh slán uaireanta de mo chaidreamh leis?