Eoin 14:21-26 ABN

21An té a bhfuil m’aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m’Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.” 22Dúirt Iúdás – níorbh é fear Isceiriót é: “A Thiarna, cad é seo? Nach bhfuil tú chun tú féin a thaispeáint don saol, ach dúinne?” 23D’fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis. 24An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra. Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é, ach leis an Athair a chuir uaidh mé.

25“Tá an méid sin inste agam daoibh, fad a bhí mé ag fanacht agaibh, 26ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m’ainmse, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.


Machnamh on Eoin 14:21-26 ABN

Inspioráid - 2026-05-04 Paidir Laethúil

Bhí an t-ádh mór ar lucht leanúna luatha Íosa bualadh leis go rialta. Trína fheiceáil agus a chloisteáil i mbun gnímh, neartaíodh a gcreideamh agus a muinín ann. Bhí a fhios aige go mbeadh sé ag imeacht uathu go luath agus gheall sé an Spiorad Naomh a sheoladh chucu mar abhcóide agus mar eagna. Iarraimid go gcuideoidh an Spiorad Naomh linn creidiúint agus muinín a bheith againn as.